Ceol na Sióg
Tar linn ar aistear draíochta le ‘Ceol na Sióg’ (Music of the Fairies), dráma teaghlaigh 45 bomaite and a fhíonn scéalaíocht, ceol, agus amhráin le chéile go héasca. Fóirsteanach do gach aoisghrúpa, is ceiliúradh é an léiriú meallacach seo ar dhraíocht agus iontas an dúlra a chuireann eipéireas tumthach ar fáil a mheallfaidh sean agus óg araon.
Cumtha ag Gráinne Holland, tarraingíonn ‘Ceol na Sióg’ inspioráid ón leabhar agus an DD a bhfuil an teideal céanna orthu agus a d’fhoilsigh An tSnáthaid Mhór. Tugtar na hamhráin draíochta chun beatha ar an ardán, ag mealladh lucht féachana isteach le meascán foirfe de scéalta aigeanta, amhráin a chuirfeadh na cosa ag dul, agus foinn bhinne.
Is bosca bréagán é an seó seo do pháistí idir 4-9. Eispéireas lán gáire, iontais agus sonais a léiríonn domhain na scéalaíochta Gaelaí. Ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach.
