Seó Beo Scéalaíochta do Dhaoine Fásta
Bíodh sibh faoi geasa ag seó beo Scéalta Thuatha Dé Danann! Scéalta draíochtach a léiriú taobh le ceol beo, amhránaíocht agus le fuaimdhreacha drámatúla. Tugann Scéalta Thuatha Dé Danann draíocht ár stair agus ár n-oidhreachta ársa chun beatha ag féilte agus imeachtaí ar fud na hÉireann. Dírithe ar dhaoine fásta.
Seó Beo Scéalaíochta do Dhaoine Óga
Tar linn a chairde ar aistear go domhan draíochta an aosa sí! Tá seó againn atá oiriúnach do dhaoine ó liath go leanbh a dtaitníonn scéalta, ceol, miotais agus draíocht leo. Foirfe do scoileanna, féilte agus ócáidí teaghlaigh, srl. Cluinfear scéalta Chlann Lir, an gaiscíoch Lugh Lámhfhada agus Balor na súile nimhe, an Banphrionsa Étaín a iompaíodh ina féileacán, Deirdre agus Naoise, Cú Chulainn gaiscíoch Uladh agus Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna ar fad le ceol galánta agus amhráin áille.
