Tuatha Dé Danann
  • Type:
  • Director:
  • Average Rating:
Log In
 
  • Podchraoltaí
  • Seó Beo Scéalaíochta
  • Ceol na Sióg
  • Slí na Sí
  • Draíocht an Dúlra
  • Gráinne Holland
  • Corcra Media
Log In
 
  • Type:
  • Director:
  • Average Rating:
  • Podchraoltaí
  • Seó Beo Scéalaíochta
  • Ceol na Sióg
  • Slí na Sí
  • Draíocht an Dúlra
  • Gráinne Holland
  • Corcra Media

Slí na Sí

Tar linn ar an aistear draíochta seo ina dtagann brí sna seanscéalta mistiúla faoi aos sí na hÉireann. Tar isteach i ndomhan draíochta Thuatha Dé Danann, déithe agus bandéithe mhiotaseolaíocht na hÉireann, ar shlí allamuigh a chuireann achan chuairteoir faoi gheasa, is cuma cén aois. Caith seal i ndomhan draíochta na sióg, nó Na Daoine Maithe mar a thugtar orthu, agus feic iontais na miotaseolaíochta leagtha amach os do chomhair.

Cuirfidh tú aithne ar sheacht ndéithe tábhachtacha de chuid Tuatha Dé Danann a bhfuil scéal agus cumhacht uathúil ag achan cheann acu. Buail le The Morrigan, Dian Cecht, Manannán Mac Lir, Lugh Lámhfhada, An Dagda, Bríd, agus Eriú agus bíodh mar chuid de na scéalta s’acu ar an shlí na sí. Mothaigh an draíocht agus an mhistéir atá ag na neacha miotasacha seo agus foghlaim faoi fhinscéalaíocht na ndéithe. Cuireann an suíomh allamuigh go mór leis an draíocht agus tugann sé deis do dhaoine nasc a dhéanamh leis an nádúr agus iad ag dul na slí. Tugann gach dia féirín do na páistí lena chur faoin chrann sí.

Críochnaíonn an t-aistear san alltar, nó ‘an saol eile’, áit speisialta inar féidir leis an óige agus leofa a bhfuil óige ina gcroí spiorad an traidisiúin Ghaelaigh a cheiliúradh. Bí ag damhsa le ceol bríomhar traidisiúnta. Glac páirt i gceardlanna ealaíon agus ceardaíochta. Bí páirteach i gcluichí traidisiúnta a chuireann brí san fhinscéalaíocht. Cothaíonn an t-eispéireas tumthach dáimh leis an dúlra agus cuimhní cinn nach ndéanfaidh teaghlaigh dearmad orthu riamh.

Cur aithne ar an Slua Sí!

Bríd

Bandia de chuid Tuatha Dé Danann a bhfuil ardmheas uirthi agus a léiríonn inspioráid, leigheas, agus ceardaíocht. Is bandia na filíochta, na torthúlachta, agus na tine í Bríd atá ina léaró cruthaitheachta agus anamúlachta i miotaseolaíocht na hÉireann. Déantar ceiliúradh uirthi ar Lá Fhéile Bhríde nó Imbolc, ar an chéad lá Feabhra. Is traidisiún fadbhunaithe é ‘Brat Bhríde’ a chur síos lasmuigh de thithe. Is beart siombalach agus cuireadh é seo don bhandia fhlaithiúil a theacht agus beannacht a thabhairt don teach. Nuair a bhuaileann an brat le chéad leoithne an earraigh, creidtear go nglacann sé cumhacht Bhríde isteach chun cruthaitheacht, torthúlacht, agus cosaint a tharraingt orthu siúd a léiríonn meas ar an traidisiún.

Lugh Lámhfhada

Is ceann de na déithe is cumhachtaí de chuid Tuatha Dé Danann é Lugh Lámhfhada. Is máistir é ar na healaíona, idir an fhilíocht, an ceol, an cheardaíocht, agus an cogadh. Mar gheall air seo, tugtar an dia ‘ildánach’ air.

Sa dara cath ag Mag Tuired, coimhlint mhiotasach idir Tuatha Dé Danann agus na Fomhóraigh, slua miotasach eile, bhí an bua ag Lugh in éadan Balor, a sheanathair féin. B’fhathach le súil nimhiúil é Balor, rí na bhFomhórach. Bhí a shúil chomh cumhactach sin gur scrios sé chuile rud ar ar leagadh í.

The Morrígan

Bandia triarach is ea An Morrígan i miotaseolaíocht na hÉireann a chuimsíonn tréithe Bhadhba, Neamhain, agus Mhacha. Is bandia ilchruthach í a iompaíonn ina préachán, siombail na tairngreachta agus an chatha. Músclaíonn An Morrígan iontas agus eagla i ndaoine agus í ag fí snáitheanna na cinniúna agus ag breathnú ar an damhsa achrannach idir an beatha agus an bás.

Manannán Mac Lir

Ba dhia na farraige agus tiarna Thír na nÓg é Manannán Mac Lir. Is dual dó uirlis draíochta a bheith aige amhail an claíomh dosháraithe Fragarach, an capall lasánta Aonbharr, agus bád darb ainm Scuabtuinne ar féidir leis taisteal ar talamh agus ar mara. Thig le Manannán seachmaill a chruthú agus é féin a chur faoi cheilt le ceo, a chuireann lena nós diamhair.

Ériu

Is ionann an tsanasaíocht d’Eriú agus Éire, an t-ainm Gaeilge a thugtar ar an oileán. De réir na miotaseolaíochta, nuair a rinne na Míl Espáine (sinsear na nÉireannach comhaimseartha) ionradh ar Éirinn, nocht na bandéithe Eriú, Banba, agus Fódla ag iarraidh a n-ainm féin a thabhairt ar an oileán. Sa deireadh, Eriú a thug a hainm d’Éirinn agus baintear úsáid as ‘Éire’ mar ainm fileata ar an oileán ó shin. Is minic a cheanglaítear Eriú le ceannas agus folláine na talún. I gcuid leaganacha, amharctar uirthi mar chaomhnóir nó pearsantú tírdhreach na hÉireann. Tá a cinniúint fite fuaite le rathúnas agus cinniúint na hÉireann.

An Dagda

Is dia ilghnéitheach é An Dagda a bhfuil baint aige le gnéithe éagsúla an tsaoil, an torthúlacht agus an draíocht ina measc. Tugtar ‘An Dia Maith’ nó ‘An Dia Mór’ air fosta. Is minic a fheictear An Dagda ina sheanduine críonna flaithiúil ach tá draíocht agus láidreacht nach beag aige fosta. Cuirtear síos air mar throdaire oilte, máistir na cláirsí, agus ceannaire a bhfuil cumhacht na ndéithe aige. Ar a bharr sin, tá baint ag An Dagda le draíocht na ndraoithe. Is siombail cumhachta é a chleith mhór ar féidir léi daoine a mharadh lena bun agus a thabhairt chun beatha lena barr.

Dian Cécht

Ba lia agus cneasaí Thuatha Dé Danann é Dian Cécht. Ba é an ról ba thábhachtaí a bhí aige sa mhiotaseolaíocht ná Nuada, rí Thuatha Dé Danann, a leigheas i ndiaidh dó a lámh a chailleadh sa chéad chath ag Mag Tuired. Cruthaíonn Dian Cécht lámh airgid do Nuada a ligeann dó suíochán ríoga Thuatha Dé Danann a choinneáil.

Sióg

Forgot Password
Please enter your email address or username below.
 
Please Login
Lost Your Password
Dont have account? SIGNUP
 
 
  • English
  • Gaeilge